Cllr Cadogan Enright gave evidence to the EU ‘committee of experts’ in April 2013 on the threats by the Northern Irish Tourist Board to withdraw funding from Down District Council and other councils around Northern Ireland if they use bi-lingual English and Irish signage.

This is plainly illegal. Cllr Enright has secured the support of Council to challenge this ruling with regard to the Downpatrick area.  CLICK HERE TO SEE CLLR ENRIGHT AND COLLEGUE MACCONMIDHE IN A VIDEO DISCUSSING THE ISSUE

Giving evidence against the Tourist Board to the EU 'Committee of Experts'
Giving evidence against the Tourist Board to the EU 'Committee of Experts'

Léiríonn fiosrúcháin de chuid Meon Eile agus The Detail go bhfuil cás dlí á ghlacadh in aghaidh Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann (NITB) mar gheall gur dhiúltaigh siad maoiniú a thabhairt do chomharthaí dátheangacha i nDún Pádraig, Contae an Dúin.

Tá an Bord Turasóireachta ag tabhairt níos mó ná £200,000 d’infheistíocht iomlán ar luach £1 milliún le haghaidh comharthaíochta i gceantar Dhún Pádraig, ach tá an maoiniú ceadaithe ar an gcoinníoll go mbeidh na comharthaí i mBéarla amháin.

Tá an maoiniú le dul chuig sé thionscadal comharthaíochta nua sa cheantar, bealach siúlóide ina measc.

Tá polasaí dátheangach Béarla agus Gaeilge ag Comhairle Ceantair an Dúin ach tá siad tar éis glacadh leis an maoiniú ón mBord go drogallach agus deir siad go bhfuil siad ‘faoi bhrú’.

Tá an Bord tar éis taispeáint go dtugann siad tacaíocht do pholasaí aonteangach amháin, an Béarla, agus go bhfuil siad chun an t-airgead a tharraingt siar má leanann an Chomhairle ar aghaidh le comharthaíocht dhátheangach.

Bhí leisc ar Chomhairle Ceantair an Dúin glacadh leis an maoiniú ach tá siad le dúshlán pholasaí Béarla-amháin a thabhairt.

Dheimhnigh an Comhairleoir Éamonn Mac Con Midhe do Meon Eile go bhfuair sé comhairle dhlí agus cé go raibh an chuma ar an scéal go raibh polasaí an Bhoird mídhleathach, ní bheadh ach seans 50% ag an Chomhairle in athbhreithniú breithiúnach.

 

Creideann an Leas-Stiúrthóir ar an Choiste um Riaradh an Cheartais (CAJ), Daniel Holder, áfach, go mbriseann polasaí aonteangach NITB reachtaíocht cearta daonna, ar a laghad faoi dhó.

(1) Creideann Leas-Stiúrthóir CAJ go mbriseann an Bord an reachtaíocht mar gheall go bhfuil siad ag teacht salach ar reachtaíocht atá ag an Rialtas ina bhfuil ar gach comhlacht poiblí céimeanna dearfacha a thógáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun logainmneacha traidisiúnta a chur chun cinn.

(2) Léirítear faoin gCairt Eorpach do Chearta Daonna nach bhfuil cead ag comhlachtaí poiblí idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine mar gheall ar theanga. Briseann an Bord rialacha na cairte nuair a chuireann siad cosc ar an nGaeilge ar na comharthaí, cé go gcomhlíonann sé gach critéir eile.

Deir Leas-Stiúrthóir CAJ cé nach bhfuil ceist dhleathach foilsithe go fóill tá roinnt cinntí déanta agus is cosúil go mbeidh ball poiblí ag togáil cás dlíthiúil pearsanta.

Dar leis go bhfuil na fáthanna atá ag an mBord chun cosc a chur an na comharthaí dátheangach áiféiseach.

“None of these issues seem particularly convincing. It seems to be primarily political directions, but if you are a public body you have to operate within the law.”

D’iarr Meon Eile agallamh le Príomhfheidhmeannach an Bhord Turasóireachta Alan Clarke ach dúradh linn nach raibh sé ar fáil.

Fuair Meon Eile comhfhreagairt ón Uasal Clarke, agus é ag déanamh tagartha do threoir shoiléir a bhí faighte acu ón Aire ach níl Leas-Stiúrthóir CAJ tar éis aon fhianaise a fheiceáil go fóill, fiú le roinnt iarratas saoráil faisnéise curtha ar aghaidh.

Bíonn treoracha ón Aire i gcónaí scríofa agus iarrann an státseirbhíseach sinsearach sa Roinn na treorach nuair a easaontaíonn siad chomh láidir sin faoi chinneadh an Aire go ndiúltaíonn siad seasamh leis an chinneadh. Ní dhéantar seo ach go fíor-annamh agus léiríonn siad conspóid nach féidir teacht ar réiteach idir Aire agus státseirbhíseach sinsearach.

Ar 17 Deireadh Fómhar 2012, fuair Leas-Stiúrthóir an CAJ comhfhreagras ón Príomhfheidhmeannach Alan Clarke a léirigh:

‘”The scope and basis of the Tourist Board’s approach is based upon the Department of Regional Development’s signage Policy which ‘is’ itself supported by a clear Ministerial Direction. This policy provides that signs should be in English only except where the facility in question is known in another language such as Irish.”

Tá an comhairleor Cadogan Enright tar éis roinnt iarratas saoráil faisnéise a chur ar aghaidh freisin go dtí an Bord Turasóireachta chun an treoir ón Aire a fheiceáil ach níl fianaise ar bith faighte aige go fóill.

Nuair a chuaigh Meon Eile i dteagmhail le Bord Turasóireachta Thuaisceart Éireann, áfach, dúirt urlabhraí nach raibh treoir oifigiúil ón Aire tugtha:

“NITB has a good working relationship with local authorities and we are keen to progress all joint signage projects at the earliest opportunity for the benefit of all our visitors. At no time has there been an official direction given to the NITB regarding signage policy in the Down District Council area.”

D’iarr Meon Eile agallamh leis an Aire ach dúirt urlabhraí ó DETI nach raibh fáil ar an Aire. Dúirt urlabhraí ón Roinn Fiontraíocht:

“The Department is content with the NITB’s current policy on signage and, in correspondence with theNITB, the Minister reiterated that the current policy should be adhered to. At no time has there been an official direction given to the NITB regarding signage policy in Down District Council.”

Dheimhnigh urlabhraí DETI do Meon Eile nach raibh difríocht ar bith idir treoir ón Aire agus treoir oifigiúil.

Creideann Leas-Stiúrthóir CAJ go bhfuil dualgas ar NITB cloí leis an dlí, is cuma treoir bheith faighte ón Aire nó gan treoir bheith faighte.

Ní bheadh an díospóireacht seo ag dul ar aghaidh idir an Bord Turasóireachta agus Comhairle Ceantair an Dúin faoi láthair dá mbá rud é go raibh Acht Gaeilge i dtuaisceart na tíre.

Creideann leas-stiúrthóir an CAJ gur gá an Ghaeilge a chosaint.

Creideann Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Pobal, go láidir gur cheart go mbeadh comharthaíocht dhátheangach sa cheantar agus go leanann an díospóireacht seo sraith fadhbanna idir an Bord Turasóireachta agus comhairlí áitiúla.

Creideann sí nach dtuigeann an Bord Turasóireachta na dualgais dlleathacha atá orthu freastal ar lucht na Gaeilge.

Creideann sí go gcuireann an polasaí ‘Béarla amháin’ atá ag an mBord isteach ar an dlí faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh atá ansin chun cosaint ar logainmneacha traidisiúnta, agus freisin faoin gCreatchoinbhinsiún do Chosaint ar Theangacha Mionlaigh.

Creideann Príomhfheidhmeannach Pobal go ndéanann an Bord Turasóireachta idirdhealú ar gach Gaeilgeoir leis an bpolasaí ‘Béarla amháin’ atá acu agus go ndéanann sé idirdhealú ach go háiraithe ar pháistí atá ag foghlam na Gaeilge agus turasóirí freisin atá ag iarraidh stair agus cultúr na háite a fhoghlaim.

Creideann sí nach mbeadh míthuiscint ar bith ann dá mbeadh Béarla agus Gaeilge le feiceáil taobh le taobh ar na comharthaí sa cheantar.

Creideann an comhairleoir neamhspléach Cadogan Enright, chomh maith leis an gcomhairleoir ó Shinn Féin, Éamonn Mac Con Midhe, go dtaispeánfaí meas sa cheantar dá mbeadh comharthaí dátheangacha le feiceáil agus chomh maith leis sin bheadh sé ceangailte leis an bpolasaí dátheangach atá ag an gComhairle.

Luann siad na Gaelscoileanna ar fad atá sa cheantar agus go ndéanann comharthaí le Béarla amháin idirdhealú ar theaghlaigh, daltaí, múinteoirí agus turasóirí.

Cé go bhfuil polasaí ‘Béarla amháin’ ag NITB, níl fianaise ar bith don pholasaí seo feicthe ag an gcomhairleoir Cadogan Enright ná Éamonn Mac Con Midhe.

Creideann an comhairleoir Mac Con Midhe go dtéann an polasaí ‘Béarla amháin’ atá ag an mBord i gcoinnie Chomhaontú Aoine an Chéasta, Comhaontú Chill Rímhinn agus an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Creideann an comhairleoir Enright go bhfuil an polasaí ‘Béarla amháin’ atá ag an mbord mídhleatach.

Cuireann sé i leith an Aire ag bhfuil sí ag dul ar ‘anti-Irish crusade’.

“Essentially what you have is a minister going off on what I can only call an anti-Irish crusade within her department, which is manifest ally illegal.”